Drawing the Gaeltacht: Áibhéil, conspóid agus na contaetha a caitheadh amach as
Sa bhlian 1925, chuir an rialtas nua Shaorstát Éireann coimisiún ar bun le fáil amach cá háit go díreach a raibh na Gaeltachtaí. De réir Dhaonáireamh 1911, is sna ceantair bhochta san iarthar den chuid is mó a labhraítí an Ghaeilge. Bhí sé mar aidhm ag an rialtas nua, a bhí báúil don teanga, na pobail sin a chaomhnú. Cuireadh 100 duine ó Dhún na nGall go Port Láirge faoi agallamh, gan ach bean amháin ina measc. Ach bhí conspóid nach beag ag baint le hobair an Choimisiúin agus le claontaí an dáréag coimisinéir iad féin. Mar sin de, ní raibh gach duine sásta leis na teorainneacha a leagadh síos i 1926 dá bharr. Nuair a rinneadh athbhreithniú ar na teorainneacha i 1956, cad iad na contaetha a caitheadh amach as an Ghaeltacht? Agus ar cheart dúinn athbhreithniú eile a dhéanamh ar ár nGaeltachtaí inniu, fiú dá gciallódh sé ciorrú siar ollmhór a dhéanamh orthu? San eagrán seo de Seachtain, labhair Áine Ní Bhreisleáin leis an Dr John Walsh, údar an leabhair nua Ar Lámh Shábhála, ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Foclóir: Cinniúnach: Decisive/fateful Teorainn: Border Gníomh: Action Tíreolaíoch: Geographic Thiar: West or westerly Cinnteacht: Certainty Athbheochan: Revival Dáréag: Twelve people Cuimhní geala na hóige: Fond childhood memories Míchruinn: Inaccurate Masla: Insult Slat tomhais: Benchmark or gauge Plódú: Overcrowding Imirce: Emigration Ualach: Burden Finné: Witness Moladh: Proposal Coiméadach: Conservative Athbhreithniú: Review Lagmhisneach: Demoralisation
