Moments that changed Ireland: 100 bliain den raidió in Éirinn
Céad bliain ó shin, craoladh glór Shéamais Hughes ar aerthonnta na hÉireann, rud a chuir tús le ré nua cumarsáide in Éirinn neamhspleách. Ba é sin tús 2RN, an chéad stáisiún raidió sa tír, nó RTÉ mar is fearr aithne air anois. Ó shin i leith, tá áit lárnach ag an raidió i saol mhuintir na hÉireann, agus beagnach 80 faoin gcéad de dhaoine fásta ag éisteacht leis an raidió gach lá. Ach cén fáth a bhfuil muid chomh tógtha sin leis an raidió? Agus le RTÉ ag ceiliúradh céad bliain ar an fhód i mbliana, cad iad na hathruithe is suntasaí atá feicithe ag an stáidiún agus ag an sochaí le linn na tréimhse sin? Ar Seachtain, chuaigh údar an leabhair nua ‘Sounding Ireland’, Clíodhna Ní Anluain, siar ar bhóithrín na smaointe faoi stair RTÉ. Foclóir: Teorainneacha: Borders Dúiche: District Neamhspléach: Independent Léargas: Insight Cúthaileach: Shy Luathlaethanta: Early days Drogall: Reluctance Teoiricí: Theories An freasúra: The opposition Craoladh: Broadcast Taighde: Research Go hiondúil: Usually Neodrach: Neutral Ceadúnas: Licence Constaicí: Obstacles Guthanna: Voices De réir a chéile: Gradually Comhluadar: Companionship or company
